Gníomhaíochtaí Eascuraclaim
Tá clár fairsing eascuraclaim againn ina dtugtar seans do dhaltaí páirt a ghlacadh i réimse mór gníomhaíochtaí.
Spórt
Tá ról lárnach ag an sport inár scoil, go háirithe peil ghaelach agus iománaíocht, a thosnaítear orthu i ranganna na naíonán. Tagann traenálaí ón gclub áitiúil isteach chun tacú le hobair na múinteoirí. Glacaimid páirt i gcomórtais Chumann na mBunscol agus réimse corn buaite againn san iománaíocht, peil agus peil na mban. Imrímid i gcomórtais ar leith do Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta leis, ócáidí a mbíonn deis ag páistí bualadh le daltaí eile agus caidreamh a dhéanamh leo trí ghaeilge is cuairteanna a thabhairt ar Ghaeltachtaí na tíre. Imrímid réimse eile spóirt cosúil le lúthchleasaíocht, sacar, tag-rugby agus spikeball.
Bhí laethanta iontacha ag ár scoil trí chomórtais an I.R.F.U., ag fáil deis imeartha ar fhód Páirc Thuamhumhan áit a bhuamar comórtas na Mumhan.
Thaistlíomar chuig Gaeltachtaí na tíre leis, ag imirt i gcomórtais Féile Peile Gael Linn. Bá lá iontach speisialta é don scoil nuair a bhuamar corn na Mumhan i nGaeltacht na Rinne. Ghlacamar páirt freisin i bhféilte i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i nGaeltacht Rath Cairn. Bíonn comórtas iománaíochta leis ar siúl sa Ghaillimh gach bliain do scoileanna Gaeltachta is do Ghaelscoileanna. D’ardaíomar an corn anseo freisin i measc scoileanna ó cheithre chúinne na tíre.
Glacann an scoil páirt i gcomórtas trastíre de chuid Cumann Lúthchleasaíochta Tiobraid Árann.
Imrímid i gcomórtas sacair an F.A.I.S. ag sroichint Craobh na hÉireann trí uaire, deis imeartha ag na daltaí imirt ar fhód an Staid Aviva. Laethanta a mhairfidh sa chuimhne go deo!
Bíonn baint againn leis, le comórtas Volleyball Ireland, ag glacadh páirt i gcomórtais Spikeball.
‘Sé an rannphartaíocht an chuid is tábhachtaí.
Ceol
Tá áit lárnach ag an gceol leis, sa scoil le dhá ghrúpa ceoil againn, grúpa sóisearach agus sinsearach a sheinneann ag ócáidí éagsúla scoile. Tá réimse uirlisí againn sa ghrúpa agus bíonn fáilte i gcónaí roimh daoine nua páirt a ghlacadh. Tagann múinteoir ceoil chun na scoile gach seachtain chun an fheadóg stáin a mhúineadh do rang 3, 4, 5 agus 6.
Tá cór scoile againn le réimse amhrán Béarla is Gaeilge acu. Canann said ag na sacraimintí agus ócáidí eile scoile is paróiste. Glacaimid páirt i gCór na nÓg agus “Peace Proms”, uair a bhíonn deis ag na daltaí sinsearacha canadh mar chuid de chór náisiúnta in amharchlanna móra na tíre. Bíonn ceolchoirm spraoíúil againn le linn Seachtain na Gaeilge leis an gceoltóir cáiliúil, John Spillane.
Speech agus Drama
Tagann múinteoir chun na scoile chun “Deas Urlabhraíocht” a dhéanamh le daltaí na scoile i ndiaidh am scoile. Sna ceachtanna seo foghlaimíonn said réimse filíochta, próis is teoiric agus bíonn deiseanna cainte is plé acu. Déanann said scrúduithe le The Irish Board of Speech and Drama agus The Leinster School of Speech and Drama is bíonn deiseanna ag na daltaí grádanna éagsúla a bhaint amach. Is mór mar a chuireann se le cumas labhartha na ndaltaí.
Damhsa
Tagann múinteoir damhsa chun na scoile chun Gluaiseacht Chruthaitheach a dhéanamh le daltaí i ndiaidh scoile. Bíonn deis ag daltaí páirt a ghlacadh sna ranganna seo, más mian leo. Baineann said ard taitneamh as réimse gluaiseachta le ceol agus cur i láthair cruthaitheach.