Bhí an áthas orainn, fáilte a chur roimh iar scoláire, Stiofán Ó Cathail, ar ais chun na scoile chun boinn chontae a bhronnadh ar na cailíní, a bhuaigh Craobh an Chontae sa Pheil Faoi 11. D’éirigh go geal le Stiofán féin nuair abhí sé anseo mar dhalta, ag buachaint go leor bonn é féin is ag imirt Primary Game san iománaíocht. Bhí an áthas ar na cailíní bualadh leis agus éacht déanta acu féin ag tógaint Roinn A i bPeil na mBan i mbliana. Bhí cúpla focal comhairle ag Stiofan do na daltaí go léir chun cabhrú leo a gcumais a shroichint.
Go raibh míle maith agat Stiofán! Iontach mar is gnáth!