Scoil Ghníomhach
Is breá linn bheith gníomhach anseo i nGaelscoil Bhríde!
Is cuid lárnach na scoile é. Cuirtear clár fairsing corpoideachais ar fáil do gach dalta ó rang Naíonán Shóisir ar aghaidh. Creidimid go láidir go mbaineann féin mhuinín, sláinte coirp is intinne le páistí a bheith gníomhach is faoin aer.
Mar chuid de Sheachtain Scoile Ghníomhaí bhí daltaí na scoile faoin aer gach lá ag rith is ag siúl. Rinne gach dalta idir 8km agus 20km chomh maith le réimse aclaíochta eile.
Bíonn feachtas eile againn leis chun leibhéil ghnímh na bpáistí a mheadú, cosúil le ‘Skipping for Life’, clár ina bhfoghlamaíonn na páistí scileanna is cluichí scipeála.
Tosaíonn na ranganna naíonán ar scileanna peile is iománaíochta chomh maith le réimse fairsing gleacaíochta is gníomhaíochtaí eile. Leanann sé seo tríd an scoil agus tosnaítear ar chluichí foirmeálta i Rang 2. Bíonn ceachtanna snámha ó Rang 3 ar aghaidh.
Bainimid úsáid as an timpeallacht chun fánaíocht is eachtraíocht faoin aer a dhéanamh.
Mar chuid de eispéaras Rang 6, caithimid cúpla lá i Killary Adventure Centre i gConamara. Bíonn deis ag na daltaí trial a bhaint as réimse leathan eachtraíochta cosúil le treodóireacht, dreapadh, curadóireacht, siúlóid chraosáin, “Dúshlán Fóda”, raftáil 7rl.
Is slí iontach é chun críochnú sa bhunscoil tar éis ocht mbliana ghíomhacha!
