Tráth na gCeist
Bainimid an taitneamh as seisiún tráth na gceist agus déanaimid roinnt mhaith cleachtadh orthu. Glacaimid leis an deis cinn a eagrú ar scoil agus is aoibhinn le gach éinne Tráth na gCeist de chuid Seachtain na Gaeilge. Glacaimid páirt i gcomórtais leis, de chuid an Chomhair Chreidmheasa, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Cluichí an Phobail. Is breá leis na daltaí iad agus baintear idir thaitneamh is tairbhe astu.