Tá an – cheangailt againn le Trócaire, carthannacht a oibríonn go dian ar son an domhain á forbairt. Le cúig bliana déag anuas eagraíonn Rang 6 díolachán cácaí bliantiúil ar a son. Oibríonn na daltaí go dian ar an tionscnamh seo agus foghlaimíonn said an – chuid faoi obair Thrócaire agus saol na ndaoine sna tíortha ina mbíonn siad lonnaithe. Cuireann an rang tionscnamh le chéile chun an eolais seo a roinnt ar phobal uile na scoile.
Eagraíonn said an díolachán féin, á fógairt, á ullmhú, á eagrú is á stiúradh. Faighimid an-tacaíocht ó thuismitheoirí na scoile. Is ocáid mhór sa bhaile é le hiar scoláirí agus muintir an phobail ag freastal ar an díolachán cácaí.
Is breá linn cabhrú le daoine eile agus tá sé tábhachtach go gcuirfear deis ar fail do na páistí tacú leo siúd i ngátar.
Is sinn an bhunscoil is fearr sa tír chun airgid a bhailiú ar son Trócaire le €47,496 bailithe go dáta againn.
